Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mo cheanntar suidhte i n-íarthar na Gaillimhe. Clochán an t-ainm atá ar mo cheanntarsa. Sean bhaile iseadh í seo. Tugtar Clochán uirrí mar gheall ar leic mhóir atá san áit. Tá an leac seo timcheall ceithre troigh ar fhaid agus trí troigh ar leithead agus dhá troigh ar doimhneacht. Tá lorg crú chapaill naomh Pádhraig ar an gcloich úd. Thánaig sé an bealach sin ar a thuras ó Luimneach thríd Doire Bhriain go Cruach Pádhraig.Tá timcheall dó céad daoine ins an mbaile seo. Tá an cuid is mó do na daoine pósta agus tá clann acu. Níl acht cúpla duine ins an gceanntar atá ós cionn seachomódh blíadhna d'aois. Tá go leór sean sgéalta acu i dtaobh rudaí a chonnaic siad sa tsean aimsir. Ní dheachaidh móran daoine as an mbaile seo go Ameriocá ná tíortha í gcéin.Tá an talamh uilig go maith agus fasánn na barraí go maith ann. Níl abha ar bith ag rith thríd an bhaile seo. Tá sléibhte agus carraigreacha móra(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhuirighthe
- Inscne
- Baineann