Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Í GClochán, baile beag leath bhealaidh idir Cill Chríost agus Tobar Pheadair tá páirc bheag agus ins an bpáirc sin tá sean teach. Inaice an tighe sin tá sruthán ag rith. Ins an sruthán sin tá cloch mhór leathan. Tá sí timpeall slat ar fhaid agus dhá throigh ar leithead. Níl sí acht aon go leith troigh ós cionn na talmhan. Ar an gcloch sin tá lorg crúidh chapaill. Tá an lorg go soiléar innit go fóil.
Deirtear gur lorg crúidh chapaill Naomh Padhraic atá innti. Nuair a bhí sé ar a bhealach go Cruaich Pádhraic i gConndae Mhuigheó, tháinic sé an bealach sin ó Luimneach, tríd Doire Bhríain agus bhuail tart a chapall, agus ni raibh aon uisce le fághail aige acht nuair a tháinic sé don áit seo bhí an tuisge le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann