Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig muinntir Persse go dtí an áit seo timcheall na bliadhna 1813. Protustúnaigh do b'eadh iad. Thóg siad seilbh ar an áit seo timcheall na bliadhna sin. Bhí siad ag troid i n-arm Sasannaigh ar fud na h-Éireann roimhe sin.Cregaróiste an t-sean t-ainm a bhí ar an áit roimh muinntir Persse a theacht ann. Tugadh an t-ainm sin ar an áit, mar bhí creg ann agus ba le muinntir Uí Róiste é, agus an áit roimh Persse. Chuir Persse na daoine a bhí ina gcómhnuidhe san áit sin suas go dtí na sléibhte. Thóg siad an talamh ar fad dóibh feín agus bhí timcheall trí míle acra talmhan acu. Rinne siad teach mór freisin agus bhí siad ina gcómhnuidhe ann.Rinne siad an túr atá le feiceál i nCaisleán Buidhe go fóil. Nuair a bhí an túr dá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Treasa Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann