Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh
- XML Leathanach 0031
- XML “Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tharraingt agus madadh mór ag rith in a dhiadh. Ní fhaca aon duine thart annseo é acht chonnaic daoiine fadó é. Tá an Bhean Sidhe lé cloisteál siar in Ialartan freisin, agus is bean bheag í agus bíonn éadaig dearg uirri i gcómhnuidhe, agus is í an bhean is measa a bfhaca tú ariamh agus tá sí ann chriosta ar fad. Chualaidh mé go raibh fear síos i mBaile Bacach agus chuaidh sé suas go dtí an Bhean Sidhe agus dubhairt sé rud eicint leithe agus bhuail sí é agus dfhág sí áit a ciúg meár ar a éadan.Bhí fear eile agus bhí sé ag teacht abhaile ón mbaile mór agus nuair a bhí sé ag teacht siar ag áit d'arbh ainm Lios-a- D'ultaigh ag teach Cuinnigim agus bhí sé ar rothar agus tógadh ón rothar é agus fágadh síos san abhainn é. Tógadh suas arís é agus tháinig sé siar go dtí an séipéal agus casadh air muc dhubh. Tá muc dhubh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mairead Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann