Scoil: Baile Locha Riabhach (Clochar)
- Suíomh:
- Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Proinnsias
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Árd-ollamh Éireann le seanchus is le h-éigse a b'eadh Mac Liag le linn do Bhrian Bórumha a bheith in a árd-ríogh. I dtosach bhí sé in a árd ollamh do Tadhg Mór Ó Ceallaigh i n-Uibh Maiine agus tá sé ráidhte gur glach sé ollamhnacht Éireann sa mbliadhain 1002 nuair a bhain Brian an árd-ríoghacht amach. Ar Chrannóig a bhí comhnuidhe air san loch i mbaile Locha Riach a deirtear, anuas bo dtí an bhliadhain sin, ach nuair a claoidh sé le Brian chuaidh sé in a chomhnuidhe i gCeann Coradh. Sean-fhear críochnuighthe a bhí ann sa mbliadhain 1014 agus dá bhrígh sin ní raibh sé i néinfeacht le Brian an pháirc Cluain Tarbh. An bhliadhain in a dhiaidh fuair sé bás. Ag caoineach bhrian do réir sé, agus é ag cur i gcéill gur le Ceann Coradh atá sé ag cainnt:-
A Chinn Choradh cá bhfuil Brian?
Nó cá bhfuil an sgiam a bhí ort?
Cá bhfuil maithe na mich ríogh.
Dá n-ibhimís fíon 'do phort?Is mairg atá beo gan Brian -
Is mise Mac Liag ó'n linn -
Dom choghairm go tigh na séad.(leanann ar an chéad leathanach eile)