Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0091
- XML “Amadán an Taois”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amadán an Taois.Bhí bean fadó ann agus bhí aon mhac amháin aige. Ní íosfadh an lad seo aon tae ná arán acht dhá chloch mhín-choirce gach lá. Ní dheacha sé taobh amuigh de'n doras ariamh nó go raibh sé bliadhain is fiche. Chuaidh a mháthair lá go dtí an muileann ag iarraidh an mhin-choirce agus d'fhiafruigh an muileannthóir dí an raibh mórán clainne aice agus dubhairt sí nach raibh aice acht aon mhac amháin agus nach ndeacha sé taobh amuigh den doras ariamh. "Anois" ar seisean "nuair a thiocfas tú abhaile abair leis a dul ag iarraidh braon uisge (agus nuair) leis an min seo a fhliuchadh.
Chuaidh sí abhaile agus dubhairt sí leis a dul amach ag iarraidh braon uisge agus nuair a chuaidh sé amach thug sé taobh an tighe leis ar a dhul amach dhó. Nuair a tháinigh sé isteach dubhairt sé lé na mháthair builín aráin a dhéanamh dhó go raibh sé in am aige imtheacht ag maireachtáil dhó féin. Rinne sí dhá bhuilín aráin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scannláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe