Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0164
  3. XML “An tOileán Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An t-Oileán Draoidheachta.
    Timcheall céad bliadhain ó shoin nuair a bhí lá Chinn an dá lá dhéag ann chuaidh fobhailéar as an gCaorán amach ag marbúghadh lachan. Shiubhail sé síos leis an gcladach ag Aill an Bhréagaire. Chaith sé cúpla urchar acht chinn air na lachain fhágháil. Ba é lár an lae a bhí ann agus nuair a bhreathnuigh sé amach ar an bhfairrge chonnaic sé an t-oileán ba deise dár bhfaca súil duine ariamh taobh istigh d'Árainn. Bhí tighthe breághtha ar an oileán agus daoine ag ceól agus a' damhsa ann. "Má chaithean[n] tú urchar isteach ar an oileán" arsa an fear a bhí in aoinfeacht leis, leis an ngunna óir. "Beidh sé agat féin níos mó".
    Labhair fear ó'n oileán leis agus d'fhuagair air gan aon urchar a chaitheamh acht foighidh a bheith aige. Tháinig sé isteach chuca agus labhair leó. "Seo leabhar dhuit anois" ar seisean lé fear an ghunna agus ná h-osgail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bairbre Bean Uí Maoil Eoin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe