Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0166
- XML “An tOileán Draíochta”
- XML “Toit Chonáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht nuair a bhíonn oidhche dhorcha ann.
- Toit Chonáin.Is minic a léightear faoi Chonán Maol, fear caithte na gcloch - ar a thréine is bhí sé i ndon a gcaitheamh agus ar a dhílse agus bhíodh sé ag seasamh don Fhéinn.
Lá amháin lé linn do Chonán a bheith thíos ar an gCaorán in Iarthar Chois Fhairrge, in Iar Chonnacht, i gConndae na Gaillimhe, bhuail ocras é. Bhí sé ag fiadhach ar feadh an lae agus deamhan blas a mharbhuigh sé. Shuidh sé síos go lag bhrígheach chois na trágha agus thosuigh a smaoineadh. "A muise" ar seisean leis féin. "Dá mbeadh ordóg Fhiain agam anois ní bheadh orm acht í chur im bhéal agus bheadh a fhios agam cá mbeadh rud lé n-ithe lé fágháil agam".
Shiubhail sé síos san gcladach agus bhain sé lán a phóca de bháirne agus lán an phóca eile d'fhaochain. Chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Colm O Maoil Eoin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe