School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leór fir láidre thart ins an áit seo mar atá. Seán Ó Donnchadha. Bí sé i ndan inneóin ceardthan a thabhairt leis ina dhá láimh agus míle bealaigh a shiubhal agus é aige agus ní leigfheadh sé sgíth ná tada acht an oiread agus nach mbeadh fhios aige an raibh tada aige.
Bhí Micilín Mhuiceanach i ndan trí bhairrle teara a chur ós cionn a chéile lá dhá shaoghal agus bhí Pádhraig Ó Donnchadha i ndan leath-chéad a shíneadh ar an aon ladhairchín. Is iomdha duine a shíl é a dhéanamh acht theip orra. Bhí Peadar Shéamais Nóra i ndan mála deich gclocha a thabhairt amach ina bhéal as an siopa agus a leagan isteach sa gcárr.
Bhí fear eile ann dárbh' ainm Seán Fada agus bhuail sé fhéin faoi acht nuair a bhí sé crochta ón talamh aige thuit sé aríst uaidh acht chuaidh a chuid fiacla i bhfastódh ann agus briseadh cúpla fiacail ann.
Bhí fear eile ann Micil Sheáin Donn agus ní raibh duine ar bith i ndan a dhul ag caitheamh cloch leis. Lá amháin bhí sé fhéin agus fir eile ag siubhal ar an sliabh agus do chonnaic siad girrfhiadh. Bhí sé an-fhada uatha acht do chaith Micil cloch leis agus bhris sé a chois agus d'eirigh leis go raibh an girrfhiadh aige.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhágharta
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Ó Fáthartaigh
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 22
- Address
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe