Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 383](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0004%2FCBES_0004_383.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 383
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Uair amháin bhí deirbhfiúr bhocht agus deirbhfiúr shaidhbhir ann. Nóra an t-ainm a bhí ar an gcailín saidhbhir agus Máire an t-ainm a bhí ar an gcailín mbocht. Bhí fear postúil leiceideach ann agus bhí ana ghrádh aige do Nóra. Faoi dheireadh phós Nóra an fear saidhbhir.
Ní raibh siad i bfad pósta nó go dtáinig Nóra chuig Máire agus í ag caoineadh agus dubairt sí léi a cuid éadaigh a thabhairt dí agus go racadh sí ag iarraidh déirce. Thug Máire a cuid éadaigh do Nóra agus thug Nóra a héadaigh galanta do Mháire agus d'imigh Nóra léi ag iarraidh déirce.
Nuair a bhí an oidhche ag tuitim chuaidh sí amugha ins na coillte agus ag breacadh an lae chonnaic sí uaithi deatach bheag agus teach beag aoibhinn in aice le loch. Rinne sí ar an teach acht céard a bhí ann acht an loch os comhair an tighe, annsin bhí aistear eile aici. Chuaidh sí thart timcheall na sléibhte agus tháinig go dtí an teach. Bhuail sí ar an doras acht ní bhfuair sí freagra. Bhuail sí aríst agus tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Celín Ní Mhoráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe