Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear de Chloinn Mhic Confhaola as Iorras Mór amuigh ag iascach tráthnóna amháin san geimhreadh. Bád seoil a bhí aige agus bhí a mhac in éindigh leis is é ag stiúradh an báid.
D'éirigh an ghaoth gan súil ar bith léi agus ba ghearr gur shéid sí in a stoirm le luasgadh an bháid. D'éirigh an mac tinn agus thuit sé síos ar tóin an bháid. Bhí sé ag cinnt ar an bhfear bocht an bád a thabhairt i dtír gan conghnamh agus leis an scéal a dhéanamh níos measa bhí sé in a oidhche air gan moill. Shíl sé nach bhfeicfeadh sé an talamh go bráth agus thosuigh sé ag guidhe do Naomh Caillín. An chéad rud eile a thug sé faoi deara go raibh an bád ag imtheacht díreach chun caladh is nuair a d'fhéach sé thart cé bhí ar an stiúir ach Naomh Caillín.
D'fhan an Naomh ag stiúradh an bháid gur shroicheadar taobh na céibhe.Ní fhaca an fear níos mó é ach tháinig an biseach ar an mbuachaill chomh luath is leag sé cos ar an dtalamh aríst.
liath geasaí air, é féin a fhághail amach san domhan Thiar. Tá sé sin lán de draoidheacht agus chuir sé na céadtaí chun báis.