Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 464](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0004%2FCBES_0004_464.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 464
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Timhcheall le ceithre sgór bliain ó shóin bhí bean in a comhnaidhe sa gclochán in aice le loch Áine. Bhí sí ag déanamh nigheachán lá amháin agus chuaidh sí go dtí an loch leis an t-uisge do sruithlú. Fad is a bhí sí ag déánamh a chuid obair chonnaich sí ainmidhe beag ag teact amac as an loch.
Táinigh faithchíos ar an bean agus do thóg sí bata suas agus mharbhuigh sí an t-ainmhidhe. Tháinig ainmhidhe mór aníos annsin agus do mharbhuigh sé an bean. Annsin thosuigh sé ag ól a cuid fola.
Sa thráthnóna tháinig fear an tighe abhaile agus ní faca sé a bean in aon áit. Amac leis go dtí an loch agus chonnaic sé a bean sínte marbh agus an dobharcú in aice léi. Do thóg sé bata agus marbhuigh sé an dobharcú.
Annsin dubhairt na comursanna leis glanadh amac as an mbaile. Do thóg sé capall amac agus bhí sé in aice le sráid salac nuair a tháinig dobharcú eile suas leis. D’ísligh an fear agus bhí sé ag dul isteah i dteach nuair a chuaidh an dubharcú tríd an gcapall. Do thóg an fear a gclaibheamh amach agus do mharbhuigh sé an dobharcú.Áine Ní Mhuiris
An Clocán
Co na Gaillimhe- Bailitheoir
- Áine Ní Mhuiris
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe