Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim is trí mhíle taobh thiar de Ceann Eachrois agus ceithre mhíle ó bháile mór an Chlocháin tá Árd-Oileán. Tá clú ar an oileán ón aimsir ársa mar bhíodh na naoimh ann agus tá cuid de na clocháin nó tighthe cruinne cloch dá raibh aca le feiceáil indiu féin ag an té a rachadh ar an oileán. Deirtear go dtáinic Brian mór Borumh go h-Árd Oileán tamall roimh Cath Chluana Tairbh agus go ndearna sé turas ag an tobar beannuighthe ann. Dubhairt an naomh Gorm Gall leis an Righ go mbeadh fhios aige féin cé mar a rachadh an cath gan aon sgéal a teacht chuige. Trathnóna lae an catha Aoine an Céasta bhí an naomh ag guidhe ag an tobar agus thug sé faoi deara go dtáinic uacht ar fola air agus tuigeadh dó go raibh an buadh ag na gaedhil acht gur marbhuigheadh Brian.
Tháinig na Protastúin go h-Árd Oileán timcheall céad bliadhain ó shoin agus nauir a chonnaiceadar an tobar beannuighthe agus an cion a bhí ag na daoine air 'sé iad go deagh-mhóideach ag tabhairt turas ann. Ghlacadar an oiread fuath dó gur ghearradar clais mór uaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)