Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Leathanach 440
- XML “Amadán Mháire Rua”
- XML “Leigheas an Dochtúra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é. Bhí fhios ag an mháthair go n-innseóchadh Mánus chuile shórt is bhathuigh sí an ceannuidhe is cuir sí potaide in a áit.
Is gearr go dtáinic tóir ar an gceannuidhe. D'innis Mánus gur mharbhuigh sé féin é is gur chuir sé é. Chuaidh na gárdaí go dtí an áit ar cuireadh é is chuaidh Mánus isteach sa poll is tarraing sé amach conablach an ghabhair. "Seo dhíbh anois" is feicim gur fás péire adharc ar an diabhail ó chuir mé annsin é. Ansin chuaidh na gardaí abhaile ar bhí fios aca gur amadán Mánus. Uaidh sin amach bhí Mánus is a mháthair saidhbhir. - Ag seo sgéal a fuaireas ó sean-mnaoi a chasadh orm cupla bliadhain ó shoin. As oileán Searc í. "Leigheas an Dochtúra" an t-ainm atá ar an sgéal. Bhí an dochtúir in a chómhnuidhe in aice leí trath agus beidh cuimhne ag an gcómharsanacht go h-éag ar an sean amadán, Padhraig, a bhí mar sheirbhíseach aige.
Maidin amháin thug Pádhraig dhá leitir d' á mháighistear, ceann acu ó mhnaoi a bhíodh i cómhnuidhe a' ceapadh go raibh sí i mbéal an bháis, ag iarraidh air peallairí a chur chuice le na slaghdán a leigheas. Ó charaid an dochtúra an ceann eile ag innsinnt dó go raibh faoi fleadh a thabhairt go muintir na cómharsanachta agus go mbeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)