Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leor leigheasanna ag na sean daoine fado. Nuair a bhíod fairtnní ag na daoine théigheadh siadh go dtí cloch in in a mbéadh sort lugan isteach ann agus nac mbéadh aon uisge ag rith chuighe. Nuair a thiócfadh sé chomh fada leis an gcloc dhórtfadh sé cúpla tonna uisge anuas air agus déarfaidh sé uisge cloc gan iarraidh. Ní gó t-iarraidh atá mé act ag iarradh do leigheas.
Bíodh leigheas eile acu do fairtiní nuair a d'feicfeadh siad seilmide ar thaobh an bhotair nó i n-aon áit ar bit gheobhfhadh siadh cipinn agus chuirfeadh siadh an cipinn tríd an seilmidhe agus saitfheadh siadh ins an dtalamh é agus déirtear an fhaid is bhéith an seilmidhe ag lubhad bhéith an fairtin ag lubhadh comh máith no corr nuair dhá gcuirfeadh aon duine cipinn thrídh píosa feola agus nuair a bhéit an píosa feola ag lubhad gó lubhadh an fairtin freisín.
Bhí leigheas ag na daoine i gcomhair tinneas fiachal sé an sort leigheas a bíodh acu fróg beo a chuir siar in do bhéil agus é fhágail tamaill beag ann agus nuair a tuibharfadh iniar é bheíd do phian leigheasta.
Corr a gcuirfeadh siadh smig neannta siar in a mbéal agus é a cuimilt dhá bfiachal agus annsin é do chuir i mbuideál agus an buideal a acur sa dtalam agus an fhad is a bheit an smig neannta ag lubhadh beith an fhiachal ag lubhadh freisin. An té a mbeidh pian in a bolg air fadó sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhráich Seóige Sheáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fionasclainn, Co. na Gaillimhe