Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Mór Iata
- XML Leathanach 139
- XML “An Chuinneog”
- XML “Fiannaíocht na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nach mbeadh aon baine nó im aicí an fhaid is a mairfaid sí aríst go brath agus chuile uair a deanfadh an maistread ní bhíodh aon bainne nó im air.
Fuair me an t-eolas seo ó
Padraich Seoige Seáin
Finisglin
Srath Salach
Co na Gaillimhe - Bhíodh daoine in Éireann fadó agus sé an t-ainm a tugtaí ortha na Fíanna agus tá go leor sgéaltaí ag na daoine futha. Tá sgéal eile acú faoi Oisín go ndeacha sé go Tír na n-Óg. Deir na sean daoine go raibh draoideacht ag baint leis na bfianna. Lá amháin bhí Oisín ag fiadhach agus chonnaic sé maide óir ag snámh ar an uisge agus ag dul thart leis an mbruach agus dubhairt sé dá mbeadh an maide sin aige go mbeadh sé in a saidiúr agus an saidbhear ar fad chrom sé síos lé greim d’fhághail air acht nuair a fuair sé greim air thuit sé ins an fairrge agus thog sé e aríst agus thuit sé an dara uair agus an treas uair D’fhan sé aige agus ar an bpointe sin d’éirigh bean og aníos as an bhfairrge agus labair sí dubairt sí leis gan faitchíos a bheith ar a Oisín a Oisín taoiseach na bfianna tara liom go Tír na nÓg agus beidh iongadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Seoige Sheáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe