Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Mór Iata
- XML Leathanach 186
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean agus triúr mac ann fadó an mac ba sine aca dúbhairt sé go ngabhfadh sé ag saothrughadh a bheatha. Dúbhairt an mac leis an tsean bhean cáca beag agus cáca mór a dheanadh.
Rinne sí an cáca beag agus an cáca mór dhó agus nuair a bhíodar bácailte d'fiarrfuigh sí de cé aca de na cácai a thógfadh sé. Dubhairt sé go dtógfadh sé an cáca mór agus a mhallacht. Thóg sé an cáca mór agus cuir sé i-na mhála é agus bhí a mháthair ag caitheadh mallachtaí ar nó gur imthigh sé as a amharc. Dimthigh sé leis go dtáinig sé go tobar agus shuidhe sé síos thosuigh sé ag ithe an cáca. Tháinig easogín amach chuige agus d'fiarr sí píosa den cháca ar . Dúbhairt sé leí go raibh sé sáthach gann aige fein. Nuair a chonnaic sí é sin léím sí isteach san uisge agus shaluigh sí an t-uisge. Dimthigh an buachaill leis go dtáinig sé go dtí teach. Ní raibh aon duine istigh san teach acht bhí pota crochta ós cionn na teineadh agus é lán de fheóil. Ní raibh an buachaill í bhfad istigh nó go dtáinig bean isteach agus dubhairt sí leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Seoige Padraich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhéal an Mháma, Co. na Gaillimhe