Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leor sgéalta i dtaobh na lochlann agus na Tuatha De Dannainn a bhí fadó i nEire.
Nuair a tháinig said go hEireann i dtosach chuireadh fataí agus coirce agus biadh dóibh féin ins na cnuic agus tá lorg na h-iomaraí ann ins na cnuich fós. Níor chuireadar aon áit ariamh acht áit bán agus talamh maith mar bhí sé leibhéallta agus go maith cun fásrach. Bíodh draoideachta ag bainnt le Tuatha De Danainn agus deirtear gur in ndeire a saoghal gur aithriogheadar isteach i sideogaí agus go ndeacaidear faoi scáth na gcloch agus faoi an talamh agus gur ins na chnuic is mó a bhí comhnuidhe urthu mar tí agus sgailpeanna go flúirseach ionnta. Bhí airgead is óir is rudaí luacmhara faoi thalamh agus sauite i sgailpeanna acú. D'imthigh na lochlannach as Éire agus d'fhan na Tuatha De Dannainn ann.
Nuair a d'imthigh na lochlannach d'fhág siad óir is airgead i dtaisce agus fuair daoine cuid de acht tá cuid eile i dtaisce agus ní geobfar an míle chuid de go bráth. Bhí na lochlannach an saidhbhear ar fad mar bhí rudaí luacmhara a goideadar as na tighthe phobail agus as na mainistreacha a réabaidear agus a bhriseadar. D'fág siad a gcuid rudaí i bhfolach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe