School: Cill Chiaráin

Location:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 050

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chiaráin
  2. XML Page 050
  3. XML “An Chiaróg Dhraíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "A' gcuimhnigheann tú ar an lá a raibh tú ag cniotáil taobh amuigh de'n doras agus chuaidh mise isteach thart agus ar a mbealach amach dhom, sháith tú biorán cniotála in mo shúil," arsa an bhean a bhí ar leath-shúil.
    Tháinig sgannradh ar an mnaoi eile agus bhí sí ar tí imtheacht léi nuair a ghlaoidh an bhean a bhí ar leath-shúil uirri.
    "Ná bíodh faitchíos ar bith ort," ar sise, "is maith an gníomh a rinne tú mar thóig tú mise ó dhraoidheacht agus marach thú ní'l fhios cá mbeinn." Bhí an bhean eile an-bhuidheacha di mar gheall ar chómh cineálta agus a bhí sí agus deirim-se leat go bhfuair sí luach a saothair go maith ó an mnaoi a bhí ar leath-shúil agus go raibh sí bródamhail go maith ag dul abhaile dhi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Raghallaigh
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Nuala Bhreathnach
    Gender
    Female
    Age
    56
    Address
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe