Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 002
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá roilig san áit seo ar a dtugtar Tobar Pádraig, acht ní roilig a bhí ann i gcómhnuidhe. Tobar beanuighthe a bhí ann agus bhíodh patrún ann gach bliadhain i Mi Márta. Bhíodh crionniú mór daoine ann as gach áit sa tír agus go mór mhór as Oran Mhór. Bhíodh boicht go leór ann i gcómhnuidhe ag iarraidh pígheannacha.Thagadh bacac óg as Oran Mhór ar maidi croise. Bhíodh truaigh ag gach duine do gan usáid a coise a bheadh aige agus é chómh óg sin, agus bhíodh mála mór airgead aige i gcómhnuide ag dul abhaile.Lá amháin bhí fear as an áit seo i Gaillimh, agus bhí sé ag cainnt le fear as Oran Mhór. Cé ar bith a bhí in aghaidh an bhacaigh ag an bhfear as Oran Mór dinnis sé don fear as an áit seo nach raibh ins an bacach act fear mór láidir a raibh in ann a bheatha a shaothrú. "Más é sin an sgéal,"ars an fear as an áit seo, "manam go mbeidh fhios agamsa faoi an chéad lá eile."Bhí go maith is ní raibh go holc. Tháinig lá an phatrún arís agus tháinig an bacach freisin. Thosuig sé ag iarraidh déirce mar ba gnáthach. Niorbh fada go dtáinig an fear as an áit seo agus sheas sé taobh thíar de agus dubhairt. "Eirigh suas a bhodaigh" Níor eirigh an bacach no gur gortuigh an fear é le cioc sa tóin. D'eirigh sé de léim agus léim annsin agus leag sé an fear le buile an maide croise(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mairtín Conraoi
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Garrán Darach Thuaidh, Co. na Gaillimhe