Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mise each aol donn dhuit a bhéarfhas go tíghe mo driotháir thú". Dimthígh leis ar maidin agus bhí sé ag imtheacht gur bhain an oidce an lae de, gur shrois sé tige an driothúir. Chuir sise roimhe céad míle fáilte. "Céard do chas annseo thú" arsa sise. "Tá mé ar thóir Gaírdín na Breideóga arsa an fear. "Níor chúala mé trácht ar a leithéid aríamh acht tá mé im' máighistreas ar éisg na fairrge agus má tá fios cá bhfuil sé tá fhios acu siúd. Shéad sí an fheadóg agus bhí íasg ag teacht chuicí go raibh crúaic aicí chomh mór le Crúaich Pádhraigh. D'fiarr sí ortha an raibh aon tuairisc acú faoí gáirdín na Breideóga acht dúbhradar go léir nach raibh. Dona go leór ars an bhean acht seo each eile dhuit agus tá driotháir liom "journey" lae as seo agus tá sí in a mháighistir ar éanacha an domhain mhóir, agus muna bhfuil fhios acu níl fhios agam céard a dhéanfaidh mé leat.
Dimthígh sé leis ar maidin agus chuaidh sé go teach an driotháir. "Céad míle fáilte rómhat", arsa an fear acht céard seo theastuigheas uait. "Tá mé ar thóir Gáirdín na Breideóga", bhfell tá mise im' mháighistir ar éanacha agus muna bhfuil fhios acú sin ní bhéidh fhios go deo air. Shéad sí an fheadóg agus bhí éanacha ag teacht go raibheadar ar fad ar fhághail. Shéad se an fheadóg arís agus sa deire tháinig an iolra. "Cá raibh tusa nuair sead mise an fheadóg seo i dtosach", Bhí mé ag ghol istigh i nGáirdín na Breideóga" ar sise. Caithfídh tú an fear seo a thabhairt isteach ins an ngáirdín go mbainfid sé trí úbhla. Chraith sí a sgeacainí agus chuir sí an leadóg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padraic Mac Conraoi
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe