Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Seanscéal - Gairdín na Brídeoige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gadhair síos ins an seller agus caitfídh muid sios cuca e. Rinneadar amhlaidh agus cheapadar nach raibh níos mo faoí. Fuair sé an slaitín agus coingbhídh sé uaidh na gadhair. Chuile uair a sgar sé an tubháille bhí gach cineál bídhe aige. Taréis naoí míosa bhí mac óg ag an breideóg agus dubhairt sé lá; Bé ar bith áit a bhfuil tathair caithfídh mé é dfághail dhuit. Fuair sí a cuid arm réidh agus chaith sí an céad oidhche san áit a dfágh sé an builín aríamh. Chaith sí an dara oidhche san teach ina raibh an cáis agus an tríomhad oidhche san áit a raibh an buidéal fíona agus an ceathrúmhadh lá tháinic sé chuig an duine úasal ar dith na hubhla. "Bhfuil aon mac agat" a deir sí, Tá beirt arsa an fear, "Bhfell tabhair annseo chugamsa go bhfeicfídh mé iad. Tháinic an mac is sine agus dubhairt sé leis. Raibh tusa i ngáirdín na Breidéoga. Bhí adeir sé acht ní raibh sé innan aon ceó a innseacht faoí. Bhlaoidh sí ar an dara fear. Tháinic sé agus d'íarr sí an ceist de acht ní raibh sé innan cuir síos faoí. Raibh aon mac eile agat a deir sé leis an tsean-fhir. Bhí a deir sé acht thuit sé síos chuig na gadhar. Chúardaigh é agus tabhair annseo é go bhfeicfídh mé é. Tháinic sé amach as an seller. "Bhfell a deir sí an raibh tusa i ngáirdín na Breideóga. Thosuigh si ag íafruigh dhe agus d'innis sé chuile rud. Is tusa mo fhear a deir sí. Fáigh réidh anois a deir sí agus theara uait in éindígh liom Anois thólacas mise arsa seisean. "Beir ar mo dhriotháir agus na ceithre capall is fearr sa gclós capall as aon lámh agus capall as aon chos agus ceithre ceathrúmhad a dhéanamh de". "Teine a chur síos ins an gclós de "pitch" agus "tar" agus nuair a bheadh sé creachadh mo dara driothair a chaitheadh isteach, cun é do róastú. Agus m'athar a caitheamh síos ins an seller chuig an paca gadhar. Rinne amhlaidh agus dimtígh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padraic Mac Conraoi
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Baile Nua, Co. na Gaillimhe