Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tamaill fúair sé amach an áit a raibh a mhac. Seas sé ag an geata lá agus núair connaic an mach é daithnigh sé é. Chuir sé a bhean am[ach] chuige le fágail amach céard a bhí ag teastá[il] uaidh. Chúaidh an bhéan isteach chuig a fear agus dúbhairt leis dul amach chuig an fear a bhí ag an ngeata. Chúaidh an bhean amach chuige agus dubhairt leis bheith ag imteacht. Chúaidh an bhean isteach arís agus dúbhairt le a fhear go raibh sé ag teastáil ón bfear tháobh amuigh. Thug an mac deich sgilling don mhnaoi chun é a thábhairt dhó acht ní thógadh an t-athar é / mar ní raibh uaidh acht a mhac a feichéal. Thug sé punt dí an úair seo chun a thabhairt dhó acht ní glachadh sé é mar ní raibh uaid acht a mhac a feicéal. Le sin chúaidh an mac amach agus sgaoil sé a acuid madrai in a dhíaidh chun an rúaigh do chuir air agus mharbuigh síad é. Núair chonnaich a bhean an rud a bhí déanta aige "Dubha[irt] sí leis cé'n fath a ndéarna sé sin agus dúbhairt sé gur é a athar a bhí ann. Núair chúala a bhea[n] sin [ ] sí leis bheith ag imteacht agus pardún d'fághail ar an peacha uatbhásach sin. Chúaidh sé go dtí an Easbog ar dtús acht ní thíubhradh sé pardún dhó. In a dhíaidh sin chúaidh sé go dtí an pápa acht ní thíubharach sé párdún dhó. Ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Seachneasaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Maighin, Co. na Gaillimhe