Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 023
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Núair a fúair Cathal Crúbh Dearg an bhúaidh ar na Normánaig ar Cnoc Rúadh dúbhairt sé go dtógadh sé Mainistir. Ní raibh fhios aige fá solus na gréine cé'n áit a dtóghadh sé é acht oichdhe amháin bhí brionglóid aige agus cheap sé gur chúala sé Dia gá rádh leis an Mhainistir a thógháil i bpairc na Láoigh.
D imtigh sé leis ag siúbhal na bóithre ag lorg na h áite agus geobhadh sé lóistín na hoidhche in gach áit. Lean sé mar sin ar fead i bhfad go dtí go dtáinigh sé chuig an teach áirithe seo. Díarr sé lóistín na hóidhche agus fúair sé é. Bhí sé tamall maith istigh núair dúbhairt bean a tíghe leis an gcailín aimsire dul amach agus na ba a bléaghan nach raibh síad ro fhada uaithe go raibh síad i bpáirc na Láoigh. Annsin bhí fhios ag Cathal an áit chun an Mainistir a thógail. Thug sé buidheacas do Dia núair fúair sé é agus níorbh fhada in a dhíaidh sin gur cuireadh ar bun é.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dhubáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doirín, Co. na Gaillimhe
- Uáir amháin bhí fear as Conndae Muigheó ag obair i Shasana, le h aghaidh feiliméir mhór. Lá amháin bhí sé ag búaladh coirche agus rith a lán luchóg amach as an stáca. Mharbuig an fear na luchóg go léir acht loch amháin agus theip air é a mharbu(leanann ar an chéad leathanach eile)