Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Tiarnaí Talún na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Talmhan dob fhearr ar fad. Níor íarr sé acht cíos comhthrom agus gach Nodhlag mharbhuigheadh sé bulláin mór reamhar agus gheibheadh gac duine píosa de. Go minic bhíodh fleadh mór ann le haghaidh na daoine agus gach Nodhlag théigheadh gach uile páiste as Baile Nua go dtí an tíghearna talmhan agus gheibhídís bronntanais annsin. Bhí an duine deire den clann sin ín a breitheamh i gConndae an Chláir.
    Maidir le na Blakeney deirtear gur thuit mallact ortha. Rinne duine aca dún marbhughadh air féin agus fuair duine eile aca bás i teach na gealt agus níl tásg na tuairisg ar an duine is óige aca. Chuaidh fear eile aca go dtí an Afraic Theas agus fuair sé bás de fiabhrais ann.
    Tá bean an Tíghearna Talmhan deire de na Ceallaighe beó fós agus gac Nodhlag cuireann sí bronntanais chuig paístí Baile Nua. Ni'l beó dóibh acht í féin.
    Ní'l beó de na Blákai anois acht mach an Tíghearnaí Talmhan deireadh, agus tá sé in a cómhnuidhe i Béal Átha Ghlúínín.
    Tá sean caisleán na Ffrench's i Monivea go fóill agus píosa mór talmhan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge