Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 256
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann gach duine insan áit seo fataí mar a bhfuil corr dhuine. Ullmhuigheann na feilméirí an talamh ina gcóir. Bíonn sé na gharrda báin ar stúd. Faoi Shamhain cuirtear sean-leasughadh ar le feamain dearg. Sé an mínuighadh ata le sean-leasughadh an chéad leasughadh a cuirtear ar an ngarrdha. Nuair a thagtar tús an Mhárta téidheann siad ag baint aith leasuighthe ar a dtugtar feamain dhubh. Gearann siad na sciolláin annsin agus fágtar seachtmhain gearrtha iad go searchuigheann siad. Annsin déantar na h-iomairí, agus scartar iomaire feamna duibhe agu na síolta ó's cionn na feamna duibhe, agus mar sin de go mbeidh an garrdha críochnuighthe. Sé an chaoi a ndéantar na hiomairí: An iomaire a fhágáil tuairim's sé troighthe ar léithead, agus an fad atá san dgarrdha a bheith san iomaire agus clais a fhágháil idir gach iomaire agus na ríolta a chlúdúghadh leis an bhfód atá san gclais agus déantar na n-iomairíbh iad.
Is le spáid a déantar na h-iomairí, agus a cuirtear na fataí. Úsáidtear céachta le h-aghaidh cruithneachta agus arbhar a chur. Níl morán aca san oileán. Ní bhíonn aon chéacta d'ádhmad san gceanntar, acht céachtaí déanta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Flaithbhearta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe