Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 257
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as iarann. Ní dhéantar aon sráid san gceanntar, acht is amhlaidh a cheannuigheas san siopa iad. San tsean-aimsir chabhruigheadh na comharrana le chéile ag cur na bhfataí; acht ní chabhruigheann siad anois gan airgead d'fhághail ar a shon. Bíonn na daoine ag sprayáil roimh an dubhachan. Tá cuid dena daoiníbh agus tá gléad sprayála aca, agus cuid eile is amhlaidh a bhíonn bucéad aca. Fásann cuid mhaith fataí san áit mar tá: Banners, Dates, Pinkeyes, Pilots, Epicures, Cairns agus Flounders. Deintí úsáid de fhathaibh chum "Starch". Sé an chaoi a ndéantaoi é: na fataí a scríobhadh, an rúgh a thagas ar na fataibh scríobhtha a shéaladh, go dtí go mbeadh an rúgh glan. Sin é an chaoi a déantar arán ar a dtugtar "Pratycake" agus bocsaidh freisin ar fataibh. Ní dhéantar bocsaidh san áit anois, acht déantaoi fadó é.
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Flaithbhearta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe