Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fuinnt inaice na mine. Imthigheann an bhréad acht seasann an fhírinne. In gan fhios do'n dlighe is fearr a bheith ann. Ní féidir a bheith ag feadaigjil agus ag ithe mine. Ta scór mór ig cómhra Chríosta. Na comhair na sicíní go dtiocfaidh siad amach. Ia fearr an t-ád na éirighe go moch. Ar mhaith leis féin a ghníos an cat an crónán. La éigin sead chídhtear an chara is fearr. an té a bhíonns bocht bíonn sé sgéalach. Cailleach is ciall aice rud nach raibh riamh aige. Gach duine ag iarraidh a bheith ag tochras ar a gciptlín féin. Is deacair ola a shníomh gan beala. Is minic a bhain fear slat le é féin a bhualadh. Nár agnaigh Dia an air ort, ach go mbuailidh sí san mbathais. Is glas iad na cnuic í bhfad uainn. Is fearr rit maith na droch shéasamh. Is cimhachtach í an fhírinne agus buaidhfidh sí. Níor chaill fear an misnigh riamh é. Níor bhris focal maith fiacail riamh. Trí fochal an trean duine: ioc do chíos, tuighe a chur ar do theach agus móin a chuir isteach. Dearbhráthair do Thadg Dómhnall. Dá fhaidh dá ritheann leis an sionnach beirtear air. Is fearr ruidhe gearr na seasamh fadá. Ní ceart cnámh an capall a thrust. Sí an scuab nuadh is fearr a scuabann an t-urlár. An té a shannthuigheanns go leór caileann sé an t-iomlán. fuighleach síol, fuigleach cíosa, agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mór Ní Fhátharta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séan Ó Fátharta
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe