Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buachaillí teigheann siad amach ó theach go teach ar lorg airgid lá cuarthuigtheachta é do na daoine fásta. Caitheann siad an lá sin már Lá Saoire na h-Eaglaise.
Bíonn feásta ag na daoine freisin ar oidhche Cinn Bliadhna. Bíonn coinneal lásta ar gach fuinneóg san teach Lá cinn Bliadhna bíonn feásta aca már a bhíonns Lá Nodhlag. Tá a lán pisreóg faoí Lá Cinn Bliadhna. Má tá tú ag gol ar an lá sin, deirtear go mbeidh tú ag gol gach lá ar fead na bliadhna. Más bhean an chéad duine a thganns isteach sa teach an lá sin beidh mí ádh ar an teach sin. Ar oidhche Lá Cinn Bliadhna fánann na daoine in a shuidhe cois na teineadh chun fáilte a thabhairt dhón bliadhain nuadh.
Oidhche Nodhlag bhige lásann na páiste coinnle déanta de luachair. Ar dtus gheibheann na páistí dá tráithnín déag luachra. Cuireann siad ós cionn na teineadh chun iad dhéanamh láidir agus báineann siad an croiceann díobh. Fagtar í ngéir iad go ceann cupla uaire. Annsin gheibheann bean an tighe aoileach agus meascann sí luaithreach tríd.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní hEigceartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill Salach, Co. na Gaillimhe