Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 372
- XML “Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is feilméar m'athair. Ta gabhaltas beag talmhan aige, tuairim is ocht n-acraí déag nó mar sin. Cuireann sé a lán barraí aacht sé fataí an barra is tabhachtach a cuireann sé.
Dé gnáth cuireann m'athair acar faoí fataí. Na daoine a bhfuil a lán talaimh aca cuireann siad dá acraí no trí n-acraí faoí fataí. Sé m'athair a réidhtígeanns an talam í gcomhar na bfataí. Ní chuireann sé aolach ar an dtalam sul a treabhann sé é acht déineann cuid de na feilmheirí é sin ma's talam "fore leiceain" é. Cuirimid-ne na fataí in iomairí acht cuireann cuid de na daoine éile na daoine agus fataí in iomaire caola. Níl talam maith againn agus sin é an nach gcuirimid na fataí ins na h-iomairí caola.
Seo í an caoí a ullmuightear an talam sa gceanntar seo. Ar dtús treabhtar an talam le céacht agus fuirsigtear é le clíath chun na gcnaipe mór a bhriseadh
Nuair a bhítear ga treabhadh déantear iomairí agus claiseanna. Nuair a bhíonns sé fuirsighthe acu cuirtear an síol. Treabtaoí an talam cúpla blíadhain ó shoin le céacht admaidh, acht níl ceann anois san mion bhaile seo. Ní déintear ranna san gceanntar seo, acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Ní Gríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhreaclach, Co. na Gaillimhe