Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 170
- XML “Scorach Ghlionnáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgurach Glionnáin
Bhí fear mór láidir ann uair amháin. Tógadh i nGlionnán é. Sé an sloinneadh a bhí air ná Neachtain. Do bhíodh sé ina chomhnaidhe faoi sgailp.Lá amháin chuaidh sé síos go Tula Ciadhan. Thug sé seacht gcinn déag de ghabhair ar a dhruim leis. Thug sé bullán leis lá eile. Bhí abha le treasnughadh aige. Do léim sé thar an abhainn agus an bullán ar a dhruim aige.Bhí abha in aice na Sgailpe in a raibh sé ina chomhnaidhe. D'itheadh sé na gabhair agus na bulláin a thógadh sé. Níor chuir sé salainn ar an bhfeoil ariamh. Do sháitheadh sé síos san abhainn é agus coinnigheadh an t-uisge úr é.Níor thaithnigh an obair seo a bhí ar siubhal ag Sgurach Ghlionnáin le na daoine. Chuireadar fios ar na póilínibh. Chuir na póilíní handcuffs air agus thugadar leó é. Nuair a bhíodar tamall ar an mbóthar bhris sé na handcuffs agus d'imigh sé abhaile.Oidhche amháin bhí fear ag tórruidheacht lóistín. Chuaidh sé isteach i dteach. Dubhairt muinntear an tighe leis "Fan annseo acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Claídeach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Claídeach, Co. na Gaillimhe