School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 170
- XML “Scorach Ghlionnáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgurach Glionnáin
Bhí fear mór láidir ann uair amháin. Tógadh i nGlionnán é. Sé an sloinneadh a bhí air ná Neachtain. Do bhíodh sé ina chomhnaidhe faoi sgailp.Lá amháin chuaidh sé síos go Tula Ciadhan. Thug sé seacht gcinn déag de ghabhair ar a dhruim leis. Thug sé bullán leis lá eile. Bhí abha le treasnughadh aige. Do léim sé thar an abhainn agus an bullán ar a dhruim aige.Bhí abha in aice na Sgailpe in a raibh sé ina chomhnaidhe. D'itheadh sé na gabhair agus na bulláin a thógadh sé. Níor chuir sé salainn ar an bhfeoil ariamh. Do sháitheadh sé síos san abhainn é agus coinnigheadh an t-uisge úr é.Níor thaithnigh an obair seo a bhí ar siubhal ag Sgurach Ghlionnáin le na daoine. Chuireadar fios ar na póilínibh. Chuir na póilíní handcuffs air agus thugadar leó é. Nuair a bhíodar tamall ar an mbóthar bhris sé na handcuffs agus d'imigh sé abhaile.Oidhche amháin bhí fear ag tórruidheacht lóistín. Chuaidh sé isteach i dteach. Dubhairt muinntear an tighe leis "Fan annseo acht(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Claídeach, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Claídeach, Co. Galway