Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 176
- XML “Domhnall Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó darbh ainim Domhnall Bán agus bhí an-tóir aige ar ól agus ar chartaí. Bhí a mhathair ina baintreach agus bhí dearthair eile aige sa teach a bhí an-chríonna. Lá amháin chuir a mathair Domhnall ag an mbaile mór le cárr choirche. Díol sé an coirce agus d'ól sé an cuid is mó dá luach agus ag teacht abhaile dó cuaidh sé isteach i dteach a raibh ól agus imirt cártaí ann. Chaith sé a chuid airgead ar fad annsin agus ní raibh pighin aige ag tigeacht abhaile. Níor tháithnigh sin lena mháthair ná lena dhearthair agus bíodar ag casaoid air faoi. An chéad lá eile a ndeachaidh sé leis an gcoirce rinne sé an cleas céadhna. An triomhadh lá ag imtheacht do d'fhuagair a mháthair air an t-airgead a thabhairt abhaile nó nach mbeadh sé buídheach dó féin. D'imthigh sé leis an gcoirce go dtí an baile mór agus níor ól sé deoir ar bith sa mbaile mór. Bhí an teach mí ádhmharac ar an mbealach roimhe abhaile agus i gcas nach gcuirfidhe cathú air ag dul thar an teach seo do d'iompuigh sé a dhruim leis. Tháinich cuid de na sean compádaithe amach roimhe agus bhíodar ag gabháil dó riamh is coidhche go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- D. Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe