School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 176
- XML “Domhnall Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó darbh ainim Domhnall Bán agus bhí an-tóir aige ar ól agus ar chartaí. Bhí a mhathair ina baintreach agus bhí dearthair eile aige sa teach a bhí an-chríonna. Lá amháin chuir a mathair Domhnall ag an mbaile mór le cárr choirche. Díol sé an coirce agus d'ól sé an cuid is mó dá luach agus ag teacht abhaile dó cuaidh sé isteach i dteach a raibh ól agus imirt cártaí ann. Chaith sé a chuid airgead ar fad annsin agus ní raibh pighin aige ag tigeacht abhaile. Níor tháithnigh sin lena mháthair ná lena dhearthair agus bíodar ag casaoid air faoi. An chéad lá eile a ndeachaidh sé leis an gcoirce rinne sé an cleas céadhna. An triomhadh lá ag imtheacht do d'fhuagair a mháthair air an t-airgead a thabhairt abhaile nó nach mbeadh sé buídheach dó féin. D'imthigh sé leis an gcoirce go dtí an baile mór agus níor ól sé deoir ar bith sa mbaile mór. Bhí an teach mí ádhmharac ar an mbealach roimhe abhaile agus i gcas nach gcuirfidhe cathú air ag dul thar an teach seo do d'iompuigh sé a dhruim leis. Tháinich cuid de na sean compádaithe amach roimhe agus bhíodar ag gabháil dó riamh is coidhche go(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Informant
- D. Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway