Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear an láidir ins an áit seo úair amháin agus sé an t-ainm a bhí air ná an Sgurach Glíonáin. Is ó mhuintir Neachtain a shíolrúig an sgurach seo agus is in Glionáin a rugadh é.
Nuair a bhí sé an óg rinne sé teach beag istigh i sgailp agus is ann a
chaith sé cuid mhaith da sáoghal in éinfheacht lé n-a mháthair.
Sé an cheird a bhí aige na ag goide, agus lá amháin goid sé cúpla caora ó Mach Úí Catháin i gCill a gCoill agus núair fúair an Cathanach an seans chúaidh sé go dtí an sgailp agus bhris sé pota mór a bhí aige. ''Gread leat anois'' adeir an mháthair ''nó más rud é go bhfúighidh an sgurach gréim ort nó íosfhaidh tú lán do bhéal arís.
Deirtear go raibh téad aige agus bata ceangailte air agus gach lá cuirfheadh sé píosa cáorfheola ar an téad go dtí go raibh píosa fada de chaorfheoil seo ag rith amac í loch chun é a coinnéal amh. Deirtear nar cuir sé ríamh nó nár (mhair) bhain sé ríamh agus gur mhair sé go ríogamhail.
Lá amháin bhí an sguarach ag goid cáorach agus tháinic sé go dtí abha an Spidéil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Réagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim Chonga, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Bháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Garrán, Co. na Gaillimhe