Scoil: Magh Cuilinn
- Suíomh:
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Donncha Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Magh Cuilinn
- XML Leathanach 188
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an t-am is mo den bhliadhain a phosann daoine ná, o'n seamhradh lá d'Eanar go Márt na h-Inide.Dia Luain agus Diardaoin na laetheannta atá rathmhar chun pósta, dar le na daoine.
Nuair ata beirt lke posadh, teigheann an fear go dtí teach na mná at dtúis agus iarann sé an bhean. Má fhaghann sé í, tagann sé féin agis a chairde oidhche eile, agus déanann síad cleamhnas.
Ag an gcleamhnas socruigheann síád an méid spré a geobhfaidh an bhean, agus an lá a bpósfar íad. Tugtar airgead agus stoc mar spré do'n mhnaoí, agus amantaí tugtar leabaidh nua agus braithlíní dí freisin.
An Satharn tar-éis an cleamhais a bheith déanta, teigheann an bheith ata le pósadh agus a mhuinntear go dtí baile mór, chun an fáinne do cheannacht agus gnothaí beaga eile fo dhéanamh.
Maidin an phósta teigheann an fear go dtí teach na mná ar dtúis, agus annsin tagann síad go léir chuig an Séipéal.
Amantaí ceanngluightear sean-bhrog ar chul an gluaisteain nuair atá sé ag dul chuig an Séipéal. Sort pisreog é sin, agus tá pisreoga eile ann freisin go gcaithfidh gluaistean an fhir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muircheartach Ó Dabhorain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAille, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Muirceartach Ó Dabhorain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Baile na hAille, Co. na Gaillimhe