Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 219](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_219.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 219
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 219
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil pota óir i bhfolach i gColl a Ráine atá míle taobh thiar dhe Maghchuillín faoi leac mhór ar aghaidh na gréine. Bhí fear ann agus bhí sé an-t-saidhbhir. Ní fhéadfadh sé codhladh na h-oidhche d’fhágháil. Dubhairt sé leis an sagart go dtiubhradh sé pota óir dó má léighfeadh sé Aifreann nach mbeadh a shaidhbhreas ag déanaimh imní dhó. Léigh an sagart an t-Aifreann agus fuair sé an pota óir. Chuir sé i bhfolach é faoi’n leac sin. D’airigheadh an sagart as an bparáiste sin go paráiste eile. Nuair a chualaidh muintear Cill a Ráine go raibh sé ann chuairteadar é acht ní bhfuaireadar é. Deirtear go gcasaidh sé le duine nach mbéidh súl aige leis é fhágháil.
An Sgoláir – Caitlín Ní Oireachtaigh.
A Seoladh –Leamhcoill, Maghchuillin, Co. na Gaillimhe
Ainm an duine a thug an sgéal dhó – Ml. Mac Oireachtaigh
Seoladh – Leamhcoill, Maghchuillín, Co. na Gaillimhe.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Oireachtaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Oireachtaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe