Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 272
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is maith an rud a bheith fíor de’n bhocht,
Agus gan ár gcroidhe a bheith cruaidh le nocht.
Gheibhímíd ó Dhia arís faoi ocht
Má thugaimíd cuid de’n stór uainn.
Má dóirteann siad braon bainne deireann siad: “Go leigidh Dia slán amáireach. B’féidir gur theastuigh sé i n-áit eile”. - Is maith an rud a bheith fíor de’n bhocht,
Agus gan ár gcroidhe a bheith cruaidh le nocht.
Gheibhímíd ó Dhia arís faoi ocht
Má thugaimíd cuid de’n stór uainn.
Má dóirteann siad braon bainne deireann siad: “Go leigidh Dia slán amáireach. B’féidir gur theastuigh sé i n-áit eile”.
An Sgoláir – Caitlín Ní Oireachtaigh
A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.
An duine a thug dí iad – Micheál Mac Oireachtaigh.
A Sheoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.
Cóirighim an leaba seo i n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraidh Naomh agus i n-ainm an oidhche a rugadh thú.
“Céard sin atá tú ag rádh?” arsa an Spiorad Naomh, ag teacht isteach an doras, “Ní tada, a Mhic, acht páidreacha beaga beannuighthe mar shíl mé nach dtiocfadh go lá”.
“Is fíor sin, a mháthair”, ar seisean, “Is beannuighthe iad do chuid pháídreacha agus ní’l aon duine a déarfadh do chuid pháidreacha nach geal é a leaba go Athair na Glóire”.
Nuair a bhaineann duine na fataí nua séard a deireann sé: “Go mairfidh muid beo ar an t-am seo arís”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Fhathartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhathartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe