Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 250
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bóithre an Cheanntair
Siad na h-ainmneacha atá ar bhóithre an pharráiste ná Bóthar Leamhchoille, Bóthar Sliabh-An Aonaigh, Bóthar Liath-Leitir, Bóthar an Spidéil, Bóthar Dhroma-Bheag, Bóthar Pholl na Clocha, Bóthar Bhaile Liam, Bóthar Cill-a-gCuala, Sean-Bhóithrín agus Bóthar Sean na gCurráin.
Thosuigheann Bóthar Leamhchoille ag an nGainne Beag agus criochnuigheann sé ag Bóthar an t-Sléibhe. Tá sé déanta timcheall is trí sgór blian. Muinntear an bhaile a rinne é lé h-aghaidh a úsáid fhéin.
Tosuigheann Bóthar Sliabh-An-Aonaigh ag Bóthar an t-Sléibhe agus críochnuigheann sé ag Doirethuirc. Tá sé déanta leath chéad blian. Ocht bpinginn déag sa ló a bhí dhóibh. Ní raibh ann acht sean-chasán i dtosach.
Tosuigheann Bóthar an Spidéil i Bord Locha agus criochnuigheann sé ag an Sean-Chéib. Tá sé déanta dhá chéad blian. Sé an páighe a bhí dhóibh ná naoi bpingne sa ló. Bhí mná agus fir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Oireachtaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Oireachtaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe