Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 315
- XML “Seanamhráin”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhráin
“Tráthnóinín ceomhar agus é ag baisteach”
Tráthnóinín ceomhar agus é ag báisteach
Chasadh tigh Sheáin mé agus shuidh mé síos.
Dhearc mé ar an ainnirín sa gcluid taobh thall díom
Budh deas í a gháire agus a leagann súl.
D’iarras céard b’as í nó céard dár dtaobh í
Agus dubhradh liom gur lé Franc Conghaile an cailín bán
Mo thruagh gan mé chómh h-óg leat agus cúig giní óir i mo phóca
Shiubhalfainn boglaigh leat cnuic is sléibhte
Lé súl’s go n-éaluightheá liom a Nóra Bhán.
An Sgoláir – Micheál Báinn
A Sheoladh – Leamhchoill, Maghchuilinn, Co. na Gaillimhe
An duine a thug dó – Sorcha Ní Bhánn.
A Seoladh – Leamhchoill, Maghchuilinn, Co. na Gaillimhe
Tá a súilí mar lonnra lá gréine ag sgaipeadh trí spéartha an cheo
Is deirge a ghruadh ná an caorthainn ag lasadh trí sméara na gnó.
Tá a béilín níos milse ná an sméara níos gile ná leamhnacht sa “snow”
Is níl óig-bhean níos deise sa taobh seo ná cailín deas crúidte na mbó.- Bailitheoir
- Micheál Báinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Bháinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Tá a súilí mar lonnra lá gréine ag sgaipeadh trí spéartha an cheo
Is deirge a ghruadh ná an caorthainn ag lasadh trí sméara na gnó.
Tá a béilín níos milse ná an sméara níos gile ná leamhnacht sa “snow”
Is níl óig-bhean níos deise sa taobh seo ná cailín deas crúidte na mbó.(leanann ar an chéad leathanach eile)