Scoil: Uachtar Árd (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr M. S. Iognáid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Uachtar Árd
- XML Leathanach 166
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mac aige dár ainm Niall agus Micheál. Bhíodar an bhoct agus tar tamaill pósad Niall. Lá amáin cuaid an t-athair agus Micheál amach chun teach gabhair a tógáil.
Bhíodar ag obair ar a ndicheall gur bhuail Micheál rud éigin cruaidh. Thóg sé suas bosca mór as an dtalamh. D'fhosgal an bheirt acu é agus céard a bhí ann ach bosca mór do ginidheacha buidhe. Bhí an - áthas ar an mbeirt díobh agus dubhairt an t-athair le Micheál gan a bhéal a fhosgailt fé.
D'imthigh an mac lá ar na bhárach chuig an baile mór agus chuaidh sé isteach i siopa. Cé a chífeadh sé ann ach a dearbháthar Niall. D’innis sé dhó fé an t-ór agus dubhairt sé gan a bhéal a fhosgailt fé. Fuair sé an méid a theasthuigh uaidh sa siopa agus amach leis agus ní raibh fhios aige (fhios) go raibh beirt gaduithe ag féachaint air, fhad is bhí sé ag tabhairt an t-ór don siopadór. Leanadar abhaile é agus cheangladar a láimh is a chois agus chaitheadar isteach ‘san sgiobóil é.
Rinneadar an rud céadna leis an t-athar agus fuaire[d]ar amach an áit a raibh an t-ór i bhfolach aca.
Chuadar chuig siopa agus d’óladar an méid a [rabhadar]? in-an. Nuair a bhíodar ag dhul abhaile lean (an) Niall íad, agus shuidheadar síos fé coca d’féar agus chuaidh Niall i bhfolach ar an dtaobh eile de. Ghearr sé rópa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhathaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe