Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 008
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)19. Bhí triúr d’r’áir ag dul tar roilig. Dubhairt an chéad fhear go gcaitheadh sé a dhul isteach sa roilig le paidir a chur le anam mac a dh’r’ára. Dubhairt an dara fear go gcaitheadh sé féin an rud céadna a dhéanamh. Dubhairt an thríomhadh fear nach dtiocfadh sé féin isteach mar narbh é mac a dh’r’ára a bhí ann. Cén fáth narbh é. Frg. B’é a mhac féin é.
20. Chuaidh mé isteach i dteach ósta. Diarr mé an oiread airgid ar an ostóir is bhí mo phóca. Tug sé dhom é a's dól mé pinte pórtair. Chuaidh mé isteach i dteach ósta eile diarr mé an oiread airgid ar an ostóir is bhí mo phóca. Thug sé dhom a’ dól mé pinte pórtair. Chuaidh mé isteach i dteach óstá eile. Diarr mé an oiread airgid ar an ostóir is bhí mo phóca. Thug sé dhom a’s dól mé pinte pórtair. Tháinig mé amach gan airgead mo phóca. Sé pingne an pinte a bhí ar an bpórtar. Cé mhéad a bhí agam ag dul isteach san teach ósta. Frg. 5¼d
21. Fáinne iarainn ar bharr a bhoise is cúl a choise thríd a cheann. Frg. Tuagh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- N. Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe