Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 011
- XML “Páidín Labhráis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thabhairt abhaile leó suas ó’n gcladach. Bhí sé ag cinnt ar na seisear fear feanc a bhaint aiste. Casadh Páidín Labhráis thart agus b’éigin dhó gáire a dhéanamh nuair a chonnaic sé an t-ansógh a bhí an seisear fear dfághail ó’n t-sail. Ní dheárna sé acht í chrochadh ar a ghualainn agus í a thabhairt leis abhaile.Bhí Páidín lá i nGaillimh agus chuaidh sé síos chuig an dug. Bhí soitheach mór istigh sa dug agus bhí caiptín an t-soithigh ag siubhal anonn agus anall ar bruach an dug. Bheannuigh sé do Phádhraig agus bheannuigh Pádhraig dhó. Bhíodar sgahthaimh ag cainnt agus ag comhrádh a’s ag cíoradh cúrsaí an t-saoghail nó gur fhiafruigh an caiptín do Phádhraig a raibh aon mhaith in fhear fairrge leis. “Ar ndóigh tá mé fairáilte” arsa Páidín. “Theastóchadh fear uaim-se ar an soitheach seo” arsa an caiptín. “An dtiocfá-sa in éinfeacht liom”. “Muise bhí nadúr agam leis an bhfairrge ariamh” arsa Páidín “agus ó chaith mé tús mo shaoghail ag bádóireacht caithfidh mé deire mo saoghail ag bádóireacht”.An t-seachtmhain dhár gcionn bhí Páidín ar bhord an t-soithigh agus i gceann bliana dheamhan fairrge ná caladhphort sa domhan nach raibh ar eólas aige. Lá amháin bhí fuireann na luinge ag iarraidh urchar gunna mór a chaitheamh le luing eile. Bhí an gunna mór ró-íseal agus ní raibh aon deis aca é árdú acht ní dheárna Páidín acht é chrochadh ar a ghualainn nó gur caitheadh an t-urchar. Mar sin féin craitheadh Páidín as a shlainte agus ní dheárna sé aon
- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Ráinne
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe