School: Leitirmucadha (roll number 13951)

Location:
Leitir Mucú, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Ó Confhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmucadha
  2. XML Page 011
  3. XML “Páidín Labhráis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thabhairt abhaile leó suas ó’n gcladach. Bhí sé ag cinnt ar na seisear fear feanc a bhaint aiste. Casadh Páidín Labhráis thart agus b’éigin dhó gáire a dhéanamh nuair a chonnaic sé an t-ansógh a bhí an seisear fear dfághail ó’n t-sail. Ní dheárna sé acht í chrochadh ar a ghualainn agus í a thabhairt leis abhaile.
    Bhí Páidín lá i nGaillimh agus chuaidh sé síos chuig an dug. Bhí soitheach mór istigh sa dug agus bhí caiptín an t-soithigh ag siubhal anonn agus anall ar bruach an dug. Bheannuigh sé do Phádhraig agus bheannuigh Pádhraig dhó. Bhíodar sgahthaimh ag cainnt agus ag comhrádh a’s ag cíoradh cúrsaí an t-saoghail nó gur fhiafruigh an caiptín do Phádhraig a raibh aon mhaith in fhear fairrge leis. “Ar ndóigh tá mé fairáilte” arsa Páidín. “Theastóchadh fear uaim-se ar an soitheach seo” arsa an caiptín. “An dtiocfá-sa in éinfeacht liom”. “Muise bhí nadúr agam leis an bhfairrge ariamh” arsa Páidín “agus ó chaith mé tús mo shaoghail ag bádóireacht caithfidh mé deire mo saoghail ag bádóireacht”.
    An t-seachtmhain dhár gcionn bhí Páidín ar bhord an t-soithigh agus i gceann bliana dheamhan fairrge ná caladhphort sa domhan nach raibh ar eólas aige. Lá amháin bhí fuireann na luinge ag iarraidh urchar gunna mór a chaitheamh le luing eile. Bhí an gunna mór ró-íseal agus ní raibh aon deis aca é árdú acht ní dheárna Páidín acht é chrochadh ar a ghualainn nó gur caitheadh an t-urchar. Mar sin féin craitheadh Páidín as a shlainte agus ní dheárna sé aon
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Cartuir
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheál Ó Ráinne
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Leitir Mucú, Co. Galway