Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 012
- XML “Log an Aifrinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pádín Labhráis (ar lean)
lá maitheasa uaidh sin amach.
Log an Aifrinn
Tá an áit sin suidhte i mám sléibhe atá trí mhíle aníos ó Uachtar Árd. Is dócha go bhfuil sé le tuisgint ag gach duine ó ainm na h-áite gur léigheadh Aifreann san log sin am eicínt. “Agus cé’n fáth nach i séipéal Chamuis a léigheadh an t-Aifreann ar ndóigh ní raibh seipéal ar bith annsin”? arsa tusa.Bhuel, sé aimsir na bpéin-dlighthe a bhí ann agus creidim nach raibh sé ceaduigtheach ag sagart ar bith Aifreann a léigheadh gan cead dfághail ó’n Rialtas. Nach bhfuil sé le rádh go raibh an dlighe géar go maith i na n-aghaidh agus go raibh chúig phunt ar chloigeann sagairt ag an Rialtas i mBaile Átha Cliath. Acht dhá ghéireacht dhá raibh an dlighe na n-aghaidh bhíodar ag dul i mbealach a mbasgtha leis an gcreideamh Caitliceach a choinneál I bhfeidhm. Bhíos ag go leór Caitliceach go raibh an t-Aifreann le bheith annseo an lá úd agus bhailigheadar ó gach ceárd leis an Aifreann a éisteacht. Acht má bhí daoine sa tír a bhí seasamhach dílis bhí daoine ann a shanntuigh an t-airgead agus a sceith an rún. Ar chuma ar bith bhí na saighdiúirí ar a mbealach go dtí an áit go moch ar maidin. Níorbh leis an bhfear faire a bhí ar mhullach an chnuic a bfaillighe é bhí an t-súil feannta go maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe