School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inistrághamhóir
- XML Page 114
- XML “Rí an Domhnaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a thurais. Nuair a chuála síad an sgéal dúbhairt siad leis fíos dfághail dóibhsean cén fáth go raibh síad ag obair gan greim le nithe aca le tabhairt don strainséara nuáir a tiochfadh sé ar an doras aca.Tá go maith arsa mo dhuine bocht agus lasg leis go dtáinig sé go brúach aibhnhe. Chonnaic sé oileán isteach uaidh agus dfiafhruigh sé den fhear cén t-oileán é sin, dubhairt an fear leis gurbh é sin Oileán Righe an Domhnaigh é, ach ní féidir dul isteach ann mar tá “droch rud” san abhainn sin le sgaitheamh. Is cuma liom arsa an fear bocht agus fuair sé trí bheart slata agus chuaidh sé isteach san abhainn agus ní raibh i bfad déanta aige nuair a chonnaic sé an fhairrge tóghta ina dhiaidh agus chaith sé beart des na slata ina dhiaidh agus thosuigh an “droch rud” dá strachailt agus an fhad a bhí dhá strachailt bhí píosa maith slíghe déanta ag an bfear bocht. Rinne sé an cleas céadhna arís agus arís agus thárla an rud céadhna dhóibh agus bhí seiseann idtír ar an Oileán.Thug sé aghaidh ar theach agus bhuail ar an doras. Tháinig cailín go dtí é agus chuir fios a ghnotha agus dfreagair seisean gur mhaith leis Righe an Domhnaigh a fheiceál. Deanfhaidh sin ar sise tabharfaidh mise chugat é. D’imthigh sí agus d’innis a sgéal don Rí(continues on next page)
- Collector
- Seósamh Ó Curraidhín
- Gender
- Male
- Age
- 16
- Address
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Tomás Ó Curraidhín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Inis Treabhair, Co. na Gaillimhe