Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 182
- XML “An Scoláire Bocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sgoláire BochtNí bhíodh sgolta ná máighistrí chomh fairsing fadó is atá siad anois. Sé an chaoi a dtagadh na sgoláirí aistir fhada agus cur fútha san áit a mbíodh an máighistir. Daoine eolgacha a bhíodh i gcuid de na sgoláirí seo. Bhídís in dan eólas a bhaint as na réalta - sin brainse Astranomy tá fhios agat.
Tháinic duine de na sgoláirí seo go dtí máighistir babhta amháin, le dul a' foghluim uaidh. Bhí sin ceart go leór ach theastuigh lóistín ó'n sgoláire seo, agus nuair a bhí sé a' cainnt leis an máighistir i dtaobh an sgéil, dubhairt an máighistir leis go raibh buachaill beag a' foghluim uaidh féin a théigheadh abhaile gach trathnóna agus go mbféidir go bhfuigheadh sé loistín tigh a athar-san. Chuaidh an sgoláire go tigh an bhuachalla agus cuireadh fáilte roimhe agus fuair sé an loistín.
Oidhche amháin a raibh an sgoláire bocht 'na thigh lóistín, thug sé fá deara go leór ban a' teacht isteach agus a dul siar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomás Kilgariff
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 80
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe