Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 195
- XML “Bás Aristotle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buailte rómpa. Rinneadh amhlaidh.
Ba ghearr go dtáinic mac 'Harry Stotle' fá chúthac agus nuair a chualaidh sé an tsúisteóireact, isteach leis.
D'fhiafruig sé dhíobh a bhfacadar aon triúr fear a dul thart.
"Chonnaic a mh'anam", ar siadsan, go bhfuil siad thall sa teach ósta sin tall.
Anonn le mac "Harry Stotle" agus fághann sé an triúr fear go sultmhar sa teach ósta. Ní raibh smid na smeaid ann ach é breith ar an dtriúr agus baint na dtrí gcinn díobhtha. Crochann sé leis na cinn agus as leis abhaile.
Caitheann sé na cinn ar an urlár go gliondarach ag an athair.
"Óra a dhiabhail" adeir an t-athair, ní hiad an triúr ceart a fuair tú. D'imir siad aríst ort. Tá mise réidh.
Shín Harry Stotle siar agus fuair sé bás.- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic O Flatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Máimín, Co. na Gaillimhe