Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 235
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Sgéal.Bhí bean an fadó agus sé an t-ainm a bhí uirthe Caitlín Dhána. Ní dhéanfadh sí comhairle a h-athar ná a máthar. Bhíodh buachaill ag tigheacht go dtí í agus bhíodh sé ag cur chomhairle uirthe gach a bhfeicfeadh sí do airgead a thabhairt léithe.
Dubhairt sé léithe a dhul go dtí a theach san oidhche amáireach agus mar a mbéadh sé féin istigh gan imthigheacht nó go dtiocfadh sé.
D'imthigh sí léithe go dtí teach an fhir.
Ní raibh aon duine istigh roimpe.
D'oscail sí an doras agus chuaidh sí isteach.
Nuair a bhí sí istigh d'oscail sí doras an t-seomra agus bhí sé lán le colainneacha daoine. D'oscail sí seomra eile agus bhí sé lán le lámha mná. Bhuail faitchíos annsan í agus ní raibh a fhios aice céard a dhéanfadh sí.
Bhrúgh sí í féin isteach idir na lámha, mar bhí sí ag ceapadh dá dteigheadh sí amach go mbéadh sí marbh. Ach ghuidh sí ag Dia agus d'fhan sí istigh. Ba gheárr gur airigh sí an fear agus an buachaill ag tigheacht agus colceathar do Chaitlín aca. Bean deas óg a bhí innte. Shuidh sí síos le píosa cainnte a dhéanamh. Dubhairt an fear leis an mbuachaill an tuagh agus an bloc a thabhairt. Dubhairt an fear leis an mnaoí a thug sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Fhualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Seóige
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 19
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe