Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 237
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Bhail anois a athair", arsa sise. "ní dheárna mé aon bhlas do do chomhairle ariamh agus tá súil agam go dtiubharfaidh tú céad dhom shuipéar maith a chaitheamh." Dubhairt sé go dtiubharfhadh agus fáilte.
Chuir sí fios ar mhuinntir na h-áite agus tháinigeadar. Annsin (m) nuair a fuair sí ar aghaidh a chéile iad, chuir sí fios ar an ngárda.
Dubhairt Caitlín annsin go gcaithfeadh chuile dhuine sgéal a innseacht agus go n-innseóchaidh sí féin an chéad sgéal.
Dubhairt sí annsin go raibh sí ag brionglóidí aréir ar a colceathar, go dtáinig sí isteach i dteach aréir ag beirt fhear.
Annsin dúbhradh léi stopadh nach raibh cuma ar bith ar an sgéal sin.
"Bhail más bréag é", adeir sí, "seo í láimh mo cholcheathar agus is aisteach an cleas é."
Ach seo é an buachaill a leig amach mise agus pósfaidh mé é.
Phós Caitlín agus an buachaill annsin agus bhí an méid óir agus airgid a bhí san teach aca.- Bailitheoir
- Máire Nic Fhualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Seóige
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 19
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe